Diploma in Teaching through Irish (Art)

NCAD, in conjunction with Gaelchultúr, will be offering a one-year part-time Diploma in Teaching through Irish (Art) from September 2013. This programme, which is being supported by COGG (www.cogg.ie), is aimed at the following:

• art teachers who are working in Irish-medium and Gaeltacht schools or who wish to do so in the future
• primary school teachers who wish to teach art through Irish
• art students interested in teaching the subject through Irish on gaining their teaching qualification.

Classroom tuition and e-learning will be combined in the course, giving participants the opportunity to undertake course work at home at times that suit them, without the pressure of having to attend weekly classes.

Aims

The course aims to give participants the language skills that will enable them to:
• teach art effectively through Irish
• interact formally and informally through Irish with colleagues, pupils and parents
• participate with confidence in school activities conducted through Irish
• run art classes through Irish as an extra-curricular activity.

Participants will also have a chance to interact with other art teachers and to exchange practical ideas and teaching materials, something that will benefit them greatly in the classroom.

 

Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín)

Beidh dioplóma páirtaimseartha bliana i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) á thairiscint ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD), i gcomhar le Gaelchultúr, ó mhí Mheán Fómhair 2013. Tá an cúrsa, a bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ag COGG (www.cogg.ie) dó, dírithe orthu seo a leanas:

• múinteoirí ealaíne atá ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nó ar mian leo bheith ag obair i scoileanna dá leithéid sa todhchaí
• múinteoirí bunscoile ar mian leo an ealaín a theagasc trí Ghaeilge
• mic léinn ealaíne ar spéis leo an t-ábhar a theagasc trí Ghaeilge tar éis dóibh cáiliú mar mhúinteoirí.

Beidh meascán den teagasc sa seomra ranga agus den fhoghlaim ar líne i gceist, dá bhrí sin beidh na rannpháirtithe ábalta go leor d’obair an chúrsa a dhéanamh sa bhaile ina n-am féin agus ní bheidh orthu freastal ar sheisiúin sa seomra ranga ar bhonn seachtainiúil.

Aidhmeanna

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirithe a chuirfidh ar a gcumas:
• an ealaín a mhúineadh go héifeachtach trí Ghaeilge
• cumarsáid fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a dhéanamh trí Ghaeilge lena gcomhghleacaithe, le daltaí agus le tuismitheoirí
• páirt a ghlacadh go muiníneach in imeachtaí scoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge
• ranganna ealaíne trí Ghaeilge a reáchtáil mar ghníomhaíocht seach-churaclaim.
Beidh deis ag na rannpháirtithe teagmháil a dhéanamh le múinteoirí ealaíne eile agus smaointe praiticiúla agus ábhar teagaisc a mhalartú leo, rud a rachaidh go mór chun sochair dóibh sa seomra ranga.

Course Prospectus